Raithneach

Clann Lir

Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag,

Raithineach a bhean bheag, staimpí agus im air,

Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag,

Raithineach a bhena bheag is déanfaimid an císte.

Do chuireas mo ghearrchaile bo Barra na hAoine

Ag iarraidh staimpí nó cácaí mílse,

Nuair a tháinig sí abhaile ní bhlaisfeadh fear an tí é,

Raithineach a bhean bheag déanfaimid arís é.

Tá tigh mór fairsing i mBarra na hAoine:

Bíonn bean acu á ghlanadh is bean eile acu á scríobadh,

Bean eile acu á fháscadh os cionn corcáin ar a dícheall

Is seanbhean ar a corraghiob á leathadh ar an ngríosaigh.

Raithineach srl.

Nuair a ghluaiseann Máire, Siún agus Síle,

Nóra agus Cáit is sásta a bhíd siad,

An crúsca ar an gclár is a cháirt dá líonadh,

Is mo cheol go brách sibh, a mhná cois Aoine.